Nuashonraíodh: 19/05/2021
FIANÁIN A ÚSÁIDTEAR AR AN SUÍOMH SEO
Seo a leanas na fianáin a úsáidtear ar an suíomh gréasáin seo:
- cookiesjsr
- SSSESS
- pk_id.2.e7da
Is féidir na socruithe fianán a athrú ach dul chuig roghanna fianán.
Anseo ag an Dictionary of Irish Biography, féachaimid le meas a bheith againn ar phríobháideachas agus ar shlándáil aon sonraí a bhailímid ónár gcuairteoirí ar an suíomh, agus muid mar Rialaitheoir sonraí pearsanta faoi na rialacha agus na rialacháin chuí maidir le cosaint sonraí. Úsáidtear fianáin ar ár suíomh gréasáín, in éineacht le picteilíní, nithe áitiúla stórálta agus gléasanna comhchosúla (ar a dtugtar ‘fianáin’ ina n-iomláine, seachas má luaitear a mhalairt) chun tú féin a shainaithint thar úsáideoirí eile an tsuímh. Cabhraíonn seo linn eispéireas maith úsáideora a chur ar fáil duit, agus feabhsú a dhéanamh ar ár seirbhís duitse agus ar an ábhar a chuirimid ar fáil duit agus tú ag úsáid an tsuímh.
Cuireann an polasaí fianán seo síos ar na cineálacha fianán a úsáimid ar an suíomh agus an fáth a n-úsáidtear iad.
Sa chás go mbeadh ceist agat faoin bpolasaí fianán seo, úsáid an fhoirm theagmhála le do thoil.
Tá tuilleadh eolais ar fáil faoinár gcleachtas príobháideachais ach breathnú ar ár bpolasaí príobháideachais. Sa chás go mbeadh ceist nó trácht agat faoin bhfógra seo nó faoi phríobháideachas sonraí, téigh i dteagmháil linn ag dataprotection@ria.ie.
Léigh an polasaí fianán seo go cúramach mar a bhfuil sonraí faoin gcúis a n-úsáidimid fianáin agus faoin eolas a bhailíonn siad uait agus fút.
1. SAINMHÍNIÚ AR FHIANÁIN
Is comhad beag litreacha agus uimhreacha é fianán a dhéanaimid a stóráil ar do bhrabhsálaí nó ar thiomántán crua do ghléis, arb ionann é agus cuimhne ríomhaire.
Fianáin céad pháirtí agus tríú páirtí
Is fianán ‘céad’ pháirtí nó ‘tríú’ páirtí é ag brath ar an bhfearann a leagann an fianán isteach.
- Fianáin céad pháirtí iad fianáin a leagann suíomh gréasáin ar a bhfuil an cuairteoir ag tabhairt cuairte ag an am (e.g. fianáin a leagann ár bhfearann suímh féin).
- Is fianáin tríú páirtí iad fianáin a leagann fearann seachas fearann an tsuímh ar a bhfuil úsáideoir ag tabhairt cuairte. Sa chás go dtugann cuairteoir cuairt ar shuíomh agus go leagann aonán eile fianáin tríd an suíomh sin, ba fhianán tríú páirtí é an fianán sin.
Fianáin seasmhacha
Bíonn na fianáin seo ar ghléas an úsáideora ar feadh na tréimhse a luaitear san fhianán féin. Déantar iad a fheidhmiú gach uair a thugann an t-úsáideoir cuairt ar an suíomh a chruthaigh an fianán áirithe sin.
Fianáin seisiúin
Cuireann na fianáin seo ar chumas oibreoirí suíomhanna gníomhaíochtaí úsáideoirí a nascadh le linn seisiún brabhsála. Tosaíonn seisiún brabhsála nuair a osclaíonn úsáideoir fuinneog brabhsálaí agus críochnaíonn nuair a dhúntar fuinneog brabhsálaí. Déantar fianáin seisiúin a chruthú go sealadach. A luaithe a dhúntar an brabhsálaí, déantar gach fianán seisiúin a scrios.
2. CÉ NA FIANÁIN A ÚSÁIDIMID AGUS CÉN FÁTH?
Go ginearálta, úsáideann an suíomh gréasáin seo fianáin chun tusa a shainaithint thar úsáideoirí eile an tsuímh. Cabhraíonn seo linn eispéireas maith a chur ar fáil duit nuair a dhéanann tú brabhsáil agus cuireann ar ár gcumas é a fheabhsú. Is féidir catagóirí a dhéanamh de na fianáin a úsáidimid ar an suíomh seo mar seo a leanas:
- fíor-riachtanach
- feidhmíocht
- feidhmiúlacht
Tá fianáin ann a chomhlíonann níos mó ná aon chríoch amháin díobh seo.
Fianáin atá ‘fíor-riachtanach’
Ligeann siad seo duit gluaiseacht thart ar an suíomh agus úsáideann siad gnéithe riachtanacha ar nós réimsí faoi shlándáil. Gan na fianáin seo, ní féidir linn na seirbhísí a chur ar fáil a iarradh.
Úsáidimidne na fianáin fhíor-riachtanacha seo chun na gcríoch seo a leanas:
- tusa a shainaithint agus a dheimhniú agus tú logáilte isteach sa suíomh;
- A chinntiú go ndéantar tú a cheangal leis an tseirbhís cheart ar an suíomh nuair a dhéanaimid athruithe ar an gcaoi a n-oibríonn sé;
- Don tslándáil.
Má chuireann tú cosc ar na fianáin seo, ní féidir linne cinnteacht a thabhairt maidir le feidhmíocht an tsuímh nó an tslándáil ar an suíomh le linn do chuairte.
Fianáin ‘feidhmíochta’
Bailíonn siad seo faisnéis faoin gcaoi a n-úsáideann tú an suíomh, e.g. cé na leathanaigh ar a dtugann tú cuairt, agus má bhíonn earráidí ann. Ní bhailíonn na fianáin seo aon fhaisnéis óna bhféadfaí tú a aithint, agus ní úsáidtear iad ach chun cabhrú linne maidir le hoibriú an tsuímh, tuiscint a fháil ar ár n-úsáideoirí, agus éifeacht ár bhfógraíochta a mheas.
Úsáidimidne fianáin feidhmíochta chun na gcríoch seo a leanas:
- Anailísíocht ghréasáin a dhéanamh: staitisticí a chur ar fáil faoin gcaoi a n-úsáidtear an suíomh;
- Rianú cleamhnaithe a dhéanamh: aiseolas a chur ar fáil d’aonáin chleamhnaithe gur thug cuairteoir orainne cuairt ar a suíomh féin chomh maith;
- Sonraí a fháil maidir leis an líon úsáideoirí ar an suíomh a bhreathnaigh táirge nó seirbhís;
- Cabhrú linn an suíomh a fheabhsú trí thomhas a dhéanamh ar aon earráidí a tharlaíonn;
- Dearadh difriúil a thástáil don suíomh.
Déanann tríú páirtithe bainistiú dúinn ar chuid dár bhfianáin feidhmíochta.
Fianáin ‘feidhmiúlachta’
Úsáidtear iad seo chun seirbhísí a chur ar fáil nó chun roghanna a stóráil chun do chuairt a fheabhsú.
Úsáidimidne fianáin feidhmiúlachta chun na gcríoch seo a leanas:
- Cuimhneamh ar roghanna atá socraithe agat, ar nós leagan amach, méid an téacs, roghanna agus dathanna;
- Cuimhneamh cé acu a iarradh ort cheana ar mhaith leat suirbhé a chomhlánú;
- Cuimhneamh cé acu ar theagmhaigh tú le rud nó liosta áirithe ar an suíomh sa chaoi nach mbeidh sé le feiceáil agat arís;
- A thaispeáint duit go bhfuil tú logáilte isteach sa suíomh;
- Ábhar físe neadaithe a chur ar fáil agus a léiriú.
3. CÉN UAIR A BHEIDH CEAD Á LORG UAIT?
Ní mór cead a fháil uait i dtaca le gach fianán.
Iarraimid cead uait sula leagtar iad ar do ghléas. Is féidir cead a thabhairt ach brú ar an gcnaipe cuí ar an meirge a thaispeántar duit. Sa chás nár mhaith leat cead a thabhairt nó gur mhaith leat do chead a tharraingt siar aon am maidir leis na fianáin, beidh ort fianáin a scrios, a chosc nó a dhíchumasú i do roghanna sa bhrabhsálaí; féach thíos mar a bhfuil tuilleadh eolais faoi sin agus conas a dhéanamh. Tugtar do d’aire go bhfuil roinnt fianán atá riachtanach le go mbeidh an suíomh in ann oibriú agus má dhíchumasaítear na fianáin seo go cuirfear isteach ar fheidhmiúlacht an tsuímh, agus gur féidir nach mbeidh teacht agat ar ghnéithe áirithe.
4. CONAS ÁR BHFIANÁIN A SCRIOS AGUS A CHOSC
Ligeann an chuid is mó de na brabhsálaithe gréasáin go gcoinneofaí riail ar na fianáin trí na roghanna brabhsálaí. Mar sin féin, má úsáideann tú do roghanna chun gach fianán a chosc (fianáin atá fíor-riachtanach san áireamh), is féidir nach mbeidh teacht agat ar an uile chuid dár suíomh gréasáin. Ach amháin sa chás go bhfuil athrú déanta agat sa rogha brabhsálaí le go ndiúltóidh sé fianáin, eiseoidh ár gcóras fianáin chomh luath agus a thabharfaidh tú cuairt ar an suíomh.
Do roghanna i dtaca le fianáin a athrú
Is iondúil go mbíonn na socruithe maidir le do roghanna fianán le fáil sa roghchlár ‘roghanna’ nó ‘socruithe’ i do bhrabhsálaí gréasáin. B’fhéidir go mbeidh na naisc a leanas tábhachtach maidir leis na roghanna sin a thuiscint. Seachas sin, bain úsáid as an rogha ‘Cabhair’ i do bhrabhsálaí gréasáin mar a mbeidh tuilleadh mionsonraí.
- Socruithe Fianán in Internet Explorer
- Socruithe Fianán in Firefox
- Socruithe Fianán in Chrome
- Socruithe Fianán in Safari
Tuilleadh Eolais
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi fhianáin, lena n-áirítear cé na fianáin atá leagtha isteach agus conas iad a bhainistiú agus a scrios, tabhair cuairt ar www.aboutcookies.org.
5. TEAGMHÁIL
Is féidir dul i teagmháil linn sa chás go mbíonn aon cheist agat.