1. EOLAS GINEARÁLTA
a) Réamhrá
Gabhaimid buíochas leat as ucht do spéise i suíomh gréasáin an DIB. Is é an rud is tábhachtaí linn ná sonraí cuairteoirí a chosaint agus gan iad a úsáid ach ar an mbealach a mbeidh ár n-úsáideoirí ag súil leis. Mar sin, tá an polasaí a leanas scríofa chun tú a chur ar an eolas faoin bpróiseáil a dhéantar ar do shonraí pearsanta agus ar do chearta i ngeall ar an bpróiseáil seo de réir an Rialacháin Ghinearálta Cosanta Sonraí (RGCS) agus dlíthe eile cosanta sonraí.
b) Rialaitheoir
Is muide, Acadamh Ríoga na hÉireann, rialaitheoir na sonraí de réir an RGCS agus dá réir sin is muid atá freagrach as an bpróiseáil sonraí a dhéantar anseo istigh.
c) Oifigeach Cosanta Sonraí
Is féidir teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Cosanta Sonraí aon am ar bith leis na sonraí teagmhála a leanas: Acadamh Ríoga na hÉireann, Teach an Acadaimh, 19 Sráid Dhásain, Baile Átha Cliath 2, D02 HH58, nó ríomhphost: dataprotection@ria.ie.
2. Próiseáil Sonraí Pearsanta le linn úsáid a bhaint as Ár suíomh
Déanfar logáil ar do chuairt ar ár suíomh agus/nó ar an úsáid a bhainfidh tú as ár seirbhísí ar líne. Is féidir go gclárófar an seoladh IP atá in úsáid ag do ghléas, dáta agus am, cineál brabhsálaí agus córas oibriúcháin do ghléis, agus na leathanaigh a breathnaíodh. Déantar na sonraí sin a bhailiú le haghaidh barr feabhais agus oiriúnaithe a dhéanamh ar ár suíomh chomh maith lenár seirbhísí ar líne. Tá an phróiseáil bunaithe ar an leas dlíthiúil óir tá sé lenár leas ár suíomh a chosaint agus cáilíocht ar seirbhísí a fheabhsú.
a) Foirm Theagmhála
Is féidir an fhoirm theagmhála a úsáid ar ár suíomh chun teagmháil a dhéanamh linn faoi aon iarratas. Ní dhéanfar na sonraí pearsanta a chomhlánaigh tú ar an bhfoirm theagmhála a phróiseáil ach chun críche d’iarratas a fhreagairt amháin. Is geall le deimhniú é an fhoirm a chomhlánú agus a chur isteach agatsa, go bhfuil cead na sonraí a phróiseáil.
b) Fianáin
Úsáidimid rogha fianán dár gcuid féin agus de chuid tríú páirtí ar leathanaigh an tsuímh seo, mar a leanas:
- fianáin riachtanacha, atá riachtanach chun an suíomh gréasáin a úsáid;
- fianáin fheidhmiúla, a éascaíonn an úsáid nuair a úsáidtear an suíomh;
- fianáin fheidhmíochta, a úsáidtear chun ollsonraí a chruinniú faoi úsáid an tsuímh agus staitisticí a ghiniúint.
Má roghnaíonn tú ‘Glac le Fianáin’, tugtar cead le húsáid gach fianán. Is féidir glacadh d’fhianáin áirithe aonair agus diúltú dóibh, agus do chead a tharraingt siar am ar bith faoi ‘Roghanna Fianán’.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a n-úsáidimid fianáin is féidir breathnú ar ár bPolasaí Fianán.
c) Faighteoirí Sonraí
Is féidir go n-úsaidfeadh muid solráthróirí seirbhíse tríú páirtí chun do shonraí pearsanta a phróiseáil. Is féidir go mbeadh na soláthróirí seirbhíse seo suite i dtíortha laistigh agus lasmuigh den Aontas Eorpach (AE) agus den Limistéir Eacnamúil Eorpach (LEE). Cinntímid go ndéanann na soláthróirí seo próiseáil ar shonraí pearsanta de réir reachtaíocht na hEorpa um chosaint sonraí chun leibhéal cuí cosanta sonraí a chinntiú, fiú sa chás go ndéantar sonraí pearsanta a aistriú go tír lasmuigh den LEE nach ann do chinneadh Choimisiún AE maidir lena hiomchuibheas. Ní dhéantar sonraí pearsanta a aistriú ach amháin sa chás go bhfuil ceanglas dlí sin a dhéanamh. Tá tuilleadh eolais faoi na cosaintí cuí maidir leis an aistriú idirnáisiúnta sonraí, nó cóip díobh, ach teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Cosanta Sonraí.
d) Tréimhse Choinneála
Ní dhéanfar sonraí pearsanta a thugtar dúinn a stóráil ach amháin chun na críche dár próiseáladh iad agus go bhfuil sin déanta. Oiread agus is gá cloí le tréimhsí coinneála faoin dlí tráchtála agus cánach, is féidir gur bliain an tréimhse stórála. Mar sin féin, is féidir tréimhsí stórála a leasú i ngeall ar ár leas dlíthiúil (e.g. chun slándáil sonraí a chosaint, an mhí-úsáid a chosc agus chun ciontóirí in aghaidh dlí a chúiseamh).
3. DO CHEARTA FÉIN
Mar dhuine is ábhar do shonraí, is féidir leat teagmháil a dhéanamh aon am ar bith lenár nOifigeach Cosanta Sonraí le fógra leis an eolas teagmhála a luaitear thuas faoi alt 1 agus leas a bhaint as do chearta. Seo a leanas na cearta sin:
- An ceart eolas a fháil faoin bpróiseáil sonraí agus cóip de na sonraí próiseáilte;
- An ceart a iarraidh go gceartófaí sonraí atá míchruinniú nó go ndéanfaí iomlánú ar shonraí nach bhfuil iomlán;
- An ceart a éileamh go scriosfaí sonraí pearsanta;
- An ceart a éileamh go gcuirfí srian ar an bpróiseáil sonraí;
- An ceart na sonraí faoin duine is ábhar dóibh a fháil i bhformáid choitianta, struchtúrtha, inléite ag meaisín, agus a iarraidh go n-aistreofaí na sonraí seo chuig rialaitheoir eile;
- An ceart cur in aghaidh na próiseála sonraí;
- An ceart cead a tugadh a aistarraingt am ar bith agus próiseáil sonraí a stopadh atá bunaithe ar do chead;
- An ceart gearán a chur isteach chuig an údarás inniúil maoirseachta: An Coimisiúin um Chosaint Sonraí, 22 Cearnóg Mhic Liam Theas, Baile Átha Cliath 2, D02 RD28, Éire.