Is tionscnamh taighde acadúil é an Dictionary of Irish Biography (DIB) a dhéantar a bhainistiú in Acadamh Ríoga na hÉireann, le tacaíocht ón Údarás um Ard-Oideachas.
Ó seoladh é in 2009, tá an DIB ar fáil lena cheannach ar líne ag institiúidí trí ardán a chuireann Cambridge University (CUP) ar fáil, agus is iad freisin a fhoilsíonn na cóipeanna crua d’imleabhair an DIB (aon cheann déag go nuige seo).
In earrach na bliana 2021, tharraing an DIB ar líne múnla ‘saor-rochtana’ chuige féin, rud a chuir an corpas ar fad ar fáil saor in aisce do gach úsáideoir tríd an suíomh gréasáin seo.
Tá an DIB ana-bhuíoch de CUP as tús a chur leis an aistear digiteach in éineacht linn; rinne siad óstáil ar an DIB ar líne le breis agus deich mbliana agus d’oibir linn chun na céadta d’iontrálacha nua a chur leis an gcorpas, agus leo siúd a cheannaigh an DIB a dhíol táillí bliantúla chun an áis seo a chur ar fáil dá oiread sin daoine.
Acadamh Ríoga na hÉireann a thóg suíomh gréasáin saor-rochtana an DIB, agus fuarthas maoiniú ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Leabharlanna Chathair Átha Cliath. Tá Leabharlanna Chathair Átha Cliath ag cur freisin leis an óstáil agus leis an gcothabháil leanúnach ar an suíomh gréasáin trí urraíocht ‘síntiús le haghaidh a oscailt’.
Tá tionscnamh gréasáin an DIB faoi chomaoin mhór ag an saineolaí códála Ronan O’Sullivan, a thug tacaíocht d’fhoireann IT an tí le corpas an DIB a aistriú chuig an suíomh nua; táthar faoi chomaoin freisin ag Mark Rasdale a thug tacaíocht dlí. Bhí de bhéasa ag an mbeirt a gcuid seirbhísí a chur ar fáil pro bono.