Is acmhainn údarásach sárluachmhar é an Dictionary of Irish Biography (DIB). Tá chóir a bheith 11,000 beathaisnéis sa leagan ar líne agus eolas faoi fhir agus mhná iomráiteacha a rugadh in Éirinn, thuaidh agus theas, agus daoine eile a rugadh lasmuigh d’Éirinn ach raibh baint shuntasach ag a ngairm le hÉirinn.
Mar thaca leis an ngluaiseacht i dtreo an teagaisc agus timpeallachtaí foghlam saor-rochtana, agus leis an gcomhoibriú sna daonnachtaí digiteacha, is féidir gach iontráil DIB a chomhroint de réir cheadúnú Creative Commons Attribution (CC BY).
Is féidir iontrálacha an DIB a chóipeáil, a oiriúnú nó a athdháileadh ar aon mheán in aon fhormáid ar bith. Ní iarrtar ach go dtugtar aitheantas mar is cuí d’údar na hiontrála agus don Dictionary of Irish Biography, go dtugtar nasc don cheadúnas (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/legalcode) agus don bhunábhar ar dib.ie más féidir, agus go dtugann tú le fios cé acu a rinneadh athrú ar bith ar an ábhar.
Níl cead téarmaí dlíthiúla ná beartais theicniúla a leagan síos a chuireann bac dlíthiúil ar dhaoine eile aon rud a dhéanamh a cheadaítear faoin gceadúnas.
Níor chóir a mhaíomh go bhformhuiníonn an DIB tú féin ná an úsáid a bhaineann tú as a chuid ábhair, ach amháin sa chás go dtugann an DIB foirmhuiniú uaidh go soiléir. Má tá smaoineamh agat faoi chomhthionscnamh leis an DIB, bí i dteagmháil linn agus tabhair imlíne mhionsonraithe faoi do thionscnamh molta.
- Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi cheadúnú CC BY ar https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/legalcode
- Má tá aon cheist faoi chomhroinnt sonraí/daonnachtaí digiteacha bí i dteagmháil le webmaster@ria.ie