Is tionscadal taighde é an Dictionary of Irish Biography (DIB) de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann. Tá scéal na hÉireann inste ann trí bheathaisnéisí daoine iomráiteacha sa bhaile agus i gcéin a rugadh in Éirinn, theas agus thuaidh, agus iad siúd a rugadh áit eile ach a bhí gníomhach in Éirinn.
Tá eolas ar fáil faoi bheathaí sa DIB ón luathstair go dtí an aois seo. Níl aon neach beo san áireamh ann. Tá cuntais idir 200 agus 15,000 focal ar fad ann, a phléann le daoine éagsúla thar réimse gníomhaíochtaí an tsaoil, idir lucht eolaíochta agus ealaíne, saighdiúirí agus lucht spóirt.
Seoladh an DIB in 2009 tar éis na mblianta fada taighde ag na céadta scríbhneoirí, agus anois tá an leagan ar líne ann ina bhfuil chóir a bheith 11,000 beatha agus é fós ag fás. Foilsíonn an DIB iontrálacha nua ar dhaoine iomráiteacha a d’éag le gairid, agus ar an ‘muintir chaillte’: na daoine úd a fágadh as an chéad uair ach a bhfuil iontráil tuillte acu.
Chomh maith leis an mbunachar ar líne, tá leagan clóite den DIB ar fáil, agus aon imleabhar déag foilsithe go dtí seo ag Cambridge University Press. Tá roinnt leabhar téamúil foilsithe aige chomh maith ag thugann cnuasach iontrálacha chun cuntas níos doimhne a thabhairt ar fhir agus ar mhná a bhí gafa le himeachtaí, gluaiseachtaí agus imircí stairiúla na hÉireann.
foireann eagarthóireachta
- Eoin Kinsella (Eagarthóir Bainistíochta)
- Terry Clavin
- Liz Evers
- Niav Gallagher
- Patrick Maume
- Turlough O'Riordan
Rialachas
Tá bord comhairleach a dhéanann maoirseacht ar an DIB, agus na comhaltaí seo a leanas air:
- Prof Patrick Geoghegan (TCD) (cathaoirleach)
- Dr Ciara Breathnach (UL)
- Sean Dorgan MRIA
- Prof Margaret Kelleher (UCD)
- Dr David McCullagh
- Peter MacDonagh
- Prof James McGuire MRIA
- Dr William Murphy (DCU)
- Dr Margaret O’Callaghan (QUB)
- Dr Mervyn O’Driscoll (UCC)
- Sir Bruce Robinson
- Prof Harry White MRIA (UCD)
Tuairiscíonn bainisteoir eagarthóireachta an DIB chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Acadamh Ríoga na hÉireann.
Maoiniú
Is é An tÚdarás um Ard-Oideachas a thugann maoiniú do thionscadal an Dictionary of Irish Biography. Tógadh an suíomh gréasáin seo, agus déantar é a chothabháil, le cistiú ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Leabharlanna Chathair Átha Cliath.
Tuilleadh eolas faoi: