Dictionary of Irish Biography i gcló
The Dictionary of Irish Biography: from the earliest times to the year 2002, in eagar ag James McGuire agus James Quinn, a foilsíodh ina naoi n-imleabhar in 2009 (Cambridge University Press). Ina dhiaidh sin tháinig dhá imleabhar eile in 2018 inar áiríodh beathaisnéisí daoine a d’éag idir 2003 agus 2010, chomh maith le roinnt ‘daoine caillte’ – daoine nár áiríodh sna naoi n-imleabhar tosaigh.
Is féidir aon imleabhar déag an Dictionary of Irish Biography (Cambridge University Press, 2009 agus 2018) a ordú ó www.brookside.ie (Éire) nó www.cambridge.org (ar fud na cruinne).
Teidil théamúla an DIB
Tá roinnt leabhar téamúil foilsithe ag tionscadal an DIB, ina gcuirtear togha iontrálacha i láthair chun léargas níos doimhne a chur ar fáil ar bheathaí fear agus ban a bhí gafa le heachtraí móra, le gluaiseachtaí agus le himircí stairiúla na hÉireann
Irish lives in America
In eagar ag Liz Evers agus Niav Gallagher (RIA, 2021)
Tá caoga aiste beathaisnéise in Irish Lives in America, a bhaineann le himircigh shuntasacha Éireannacha i Meiriceá, agus déantar iarracht ann cuid d’eispéireas na nÉireannach i Meiriceá a léiriú, chomh maith le tionchar na hÉireann ar shochaí Mheiriceá. Ba é Dan Mulhall, Ambasadóir na hÉireann sna Stáit Aontaithe, a scríobh réamhrá an leabhair.
Tá breise agus 300 bliain de stair Mheiriceá léirithe sa leabhar. An bheatha is luaithe a chuirtear ar fáil ná James Logan (1674-1751), státseirbhíseach agus eolaí sular baineadh an neamhspleáchas amach i Meiriceá; an duine is déanaí ná an t-aisteoir de chuid Hollywood, Maureen O’Hara (1920-2015).
Tá roinnt ainmneacha so-aitheanta bailithe anseo ar nós Thomas Francis Meagher de chuid Éire Óg, ar mheirleach é a aistríodh anonn agus ar ghinearál é chomh maith i gcogadh cathartha Mheiriceá; réalt an cheoil, John McCormack; an stiúrthóir ceannródaíoch de chuid Hollywood, Rex Ingram; an dealbhóir Augustus Saint-Gaudens; an té a rinne an chéad fhomhuireán, John Philip Holland; ceannródaí na gceart sibhialta, Mother Jones. Tá daoine ann freisin nach bhfuil chomh haitheanta céanna, ar nós Margaret Maher, searbhónta i dteaghlach Emily Dickinson; Pierce Butler, polaiteoir a rugadh in Éirinn arbh é a chuir an clásal cruálach i mBunreacht SAM faoin teifeach sclábhaí; Alexander Brown, fear mór gnó a chuir ceann de na bainc phríobháideacha is luaithe ar siúl sa tír, agus iarnród leis; agus Mary O’Connell (Sister Anthony) ar a dtugtar freisin Florence Nightingale Mheiriceá, a thug aire do shaighdiúirí ar an dá thaobh den chogadh cathartha agus a bhí mar cheannródaí maidir leis an gcúram ar pháirc an chatha.
Ba iad Patrick Geoghegan, Angela Bourke, Owen McGee, Bridget Hourican, Maureen O. Murphy agus foireann taighde an DIB a scríobh na beathaisnéisí.
Tá Irish lives in America ar fáil le ceannach ar líne agus i siopaí maithe leabhar.
Tá scéalta maidir le seoltaí an leabhair in Éirinn agus i SAM, chomh maith le hagallaimh raidió agus clúdách na meán ar fáil anseo: https://www.ria.ie/irish-lives-america
Transatlantic lives: The Irish experience in colonial America
In eagar ag Linde Lunney, James Quinn agus William Roulston (Ulster Historical Foundation, 2019)
Tá trí scór aistí beathaisnéise in Transatlantic Lives a toghadh ón Dictionary of Irish Biography, ina bhfuil mionsonraí roinnt eisimirceach Éireannach a chuaigh go Meiriceá Thuaidh sa tréimhse chóilíneach (lena n-áiríodh críocha sin na Breataine a ndéanfaí Ceanada ar ball díobh).
Samplaí ionadaíoch iad na daoine a toghadh ar na daoine ab iomráití a chuaigh anonn. Lucht riaracháin na cóilíneachta, saighdiúirí agus eaglaisigh is mó atá iontu. I measc na n-eaglaiseach, is iad na Preispitéirigh is líonmhaire, ach gheobhfar Modhaigh, Caecair, Anglacánaigh agus Caitlicigh, agus chuir siad uile ar a mbealach féin le cultúr reiligiúnda na gcóilíneachtaí.
Ina measc chomh maith tá oidí, dochtúirí, scríbhneoirí, ealaíontóirí, ceannaithe agus foghlaí mara féin (ar bhean í), agus tugann siad blas ar an éagsúlacht a bhain le heisimircigh den sórt, agus ar an méid a chuir siad le forbairt eacnamúil agus chultúrtha na gcóilíneachtaí.
Tá an leabhar ar díol ar shuíomh gréasáin BooksIreland (Ulster Historical Foundation).
1916 portraits and lives
In eagar ag James Quinn agus Larry White. Réamhrá agus Iarfhocal le Patrick Maume. Dearadh le David Rooney (Royal Irish Academy, 2016)
Tá sa leabhar seo dhá scór iontráil ón DIB faoi fhir agus mhná a raibh baint láidir, bealach amháin nó eile, ag a saol le héirí amach na Cásca 1916.
Tugann na beathaisnéisí a toghadh pictiúr leathan cuimsitheach ar an éirí amach, agus eolas faoin raon iomlán daoine agus dearcaí a bhí gafa san eachtra. Cuimsíonn siad na trodaithe (agus eile) a fuair bás san éirí amach agus na mná a bhí ina saighdiúirí nó i róil eile; triúr ceannairí náisiúnacha a chuir i gcoinne an éirí amach; cuid de na pearsana sinsearacha i riarachán na Breataine in Éirinn in 1916; baill d’arm na Breataine a chuir an t-éirí amach faoi chois; agus beirt staraithe a chuir go mór leis an díospóireacht scolártha faoi 1916.
Féachann an togha seo le dearcadh cothrom a thabhairt ar an éirí amach. Anuas ar na beathaisnéisí féin, tá réamhrá fada leis an Dr Patrick Maume ón DIB, agus tá íomhá deartha ag an ealaíontóir David Rooney curtha le gach beathaisnéis.
‘This is a book to savour, both because of its diverse cast of characters and the quality of the contributors who provide entries that are erudite, often spiky, fresh, nuanced and skilfully composed.’ Diarmaid Ferriter, Irish Arts Review.
Ceannaigh 1916 portraits and lives
Ulster political lives, 1886–1921
In eagar ag James Quinn agus Patrick Maume (Royal Irish Academy, 2016)
Déantar iniúchadh in Ulster Political Lives ar bheatha dhá scór go leith de na daoine ba shuntasaí in Ultaibh sa tréimhse chorraitheach ón chéad Bhille Rialtais Dúchais in 1886 go bunú stát Thuaisceart Éireann in 1921.
Tá ann iontrálacha DIB ar dhaoine ceannasacha ar nós Edward Carson, James Craig agus Joseph Devlin, chomh maith le daoine nach bhfuil chomh hiomráiteach céanna ach atá spéisiúil mar sin féin, ar nós Margaret Byers, Winifred Carney agus George Clark, a chaith saol suntasach suimiúil.
Tugtar ann mionsonraí faoi aontachtóirí agus náisiúnóirí, dílseoirí agus poblachtánaigh, agus fúthu siúd chomh maith nár fheil na catagóirí néata sin dóibh – sóisialaithe, ceardchumannaithe agus feiminigh, nár iarr go n-aithneofaí iad leis na grúpaí móra polaitiúla ach a chuir go suntasach le cruthú Thuaisceart Éireann agus an cruth a tháinig air tar éis 1921.