Corpas an DIB a nuashonrú
Bíonn an DIB ag féachaint i gcónaí lena chinntiú go bhfuil a chorpas eolais cruinn ceart agus leis na hiontrálacha ann a choinneáil cab ar chab leis an taighde is déanaí. Ní beag an méid sin nuair is timpeall 11,000 iontráil atá ar líne againn. Sular seoladh an suíomh gréasáin seo in 2021 chuamar i dteagmháil leis an oiread de na 700+ scríbhneoirí agus a d’fhéad muid, lena iarraidh orthu athbhreithniú a dhéanamh ar a gcuid iontrálacha. Tá nuashonrú á dhéanamh go leanúnach.
Fáiltímid roimh an aiseolas agus roimh mholtaí ó léitheoirí an DIB faoi nuashonruithe, ach tá teorainn lenár n-acmhainn gach uile aighneacht a fhiosrú agus a sheiceáil láithreach bonn. Seo a leanas an nós imeachta atá againn maidir le fiosruithe agus le nuashonrú iontrálacha:
- Ceisteanna nó moltaí a chur isteach: Ní mór leas a bhaint as an bhfoirm theagmhála ar an suíomh seo chun ceisteanna moltaí a chur isteach sa chaoi gur féidir iad a chlárú mar is cuí. Níor chóir teagmháil a dhéanamh díreach le ball foirne de chuid an DIB.
- Freagraí ar cheisteanna: Tar éis ceist nó moladh a chur chuig an DIB, gheobhaidh an té a chuir sin ríomhphost uathoibrithe a dhearbhaíonn go bhfuarthas é. Ní thiocfaidh freagrac láithreach ó fhoireann an DIB féin; beidh sin ag brath ar stádas na ceiste a mheasfar de réir na gcritéar thíos. Ní hionann ceist a chur isteach athuair agus freagra teacht níos tapúla. Mar sin féin, mura bhfuarthas an ríomhphost admhála, ba chóir an cheist a chur isteach arís.
- Earráidí tromchúiseacha: An gnó is tábhachtaí leis an DIB ná iontrálacha a cheartú a mbeadh earráidí tromchúiseacha iontu (mar shampla: ainm mílitrithe, dáta breithe/báis mícheart, eolas míchruinn faoi imeachtaí i saol duine, srl.)
- Foinse an eolais: Sa chás go molann duine a scríobh beathaisnéis athrú a dhéanamh, cuirfear sin chun tosaigh ar mholadh ó dhuine nár scríobh. Beidh tús áite chomh maith ag eolas ó shaineolaithe ábhair seachas ó dhaoine nach saineolaithe iad. Ní dhéanfar breithniú ar mholtaí nach bhfuil foinse chuí leo, ná ar mholtaí nach bhfuil ainm leo.
- Tóir an phobail ar an iontráil: Is iad na hiontrálacha is mó a cheadaítear is túisce a dhéanfar a nuashonrú, más cuí.
- Tráthúlacht na hiontrála: Tabharfar tús áite d’iontrálacha a bheidh i gceist i bhfoilseachán, nó in imeacht boilsceoireachta nó cuimhneacháin atá le tarlú go luath.
- Athrú/Athscríobh suntasach: D’fhéadfaí go mba ghá iontráil a athrú go suntasach nó a athscríobh ina hiomláine. Sa chás gur féidir, déanfar teagmháil ar dtús leis an mbunscríbhneoir. Mura bhfuil an scríbhneoir ábalta an iontráil a leasú, aimseoidh bainisteoir eagarthóireachta an DIB, i gcomhar leis an mbord, scríbhneoir oiriúnach leis an iontráil a leasú.
Iontráil a mholadh don DIB
Tá fáilte roimh mholtaí faoi iontrálacha nua i gcorpas an DIB. Ba chóir iad sin a chur isteach leis an bhfoirm theagmhála agus oiread mioneolais agus is féidir faoin gcúis gur dóigh leat gur fiú an duine a chur san áireamh.
Is gá gur duine iomráiteach an té a chuirfí san áireamh sa DIB, nó gur duine é a chuir go suntasach le saol polaitiúil, cultúrtha nó sóisialta na hÉireann, gur in Éirinn (thuaidh nó theas) a rugadh é ach gur imir a shaol nó a ghairm tionchar ar thír/thíortha eile. Ní áirítear aon duine beo sa DIB agus is tráth nach luaithe ná cúig bliana tar éis báis a chuirfear duine isteach, seachas faoi dhálaí eisceachtúla.
Más tú féin atá tú a mholadh chun iontráil faoi leith a scríobh, cuir isteach eolas, le do thoil, faoi do cháilíocht sin a dhéanamh. Féachann an DIB le scríbhneoirí a roghnú a mheastar atá ina saineolaithe maidir le duine nó le réimse eolais.
Ní íoctar scríbhneoirí as a gcuid iontrálacha.